irish flag

2016: Bliain Idirnáisiúnta an Chomhthuistithe

 

2015 UN CoParenting Petition Button

I ndiaidh Bhliain Idirnáisiúnta an Teaghlaigh i 1994 lena chur i gcuimhne dúinn gurb é an teaghlach bunaonad na sochaí agus gur gá aire ar leith a thabhairt air,


I ndiaidh an rúin dar teideal "A world fit for children" (S-27/2, an 6 Bealtaine 2002) lenar ghlac Comhthionól Ginearálta na NA agus a thugann aitheantas don chomhfhreagracht atá ag tuismitheoirí maidir le hoideachas agus tógáil a leanaí, agus don tábhacht a bhaineann le gach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go mbíonn an deis ag aithreacha páirt a ghlacadh i saol a leanaí.


Ag féachaint do na hathruithe móra atá tagtha ar phatrúin teaghlaigh le fiche nó tríocha bliain anuas, lena n áirítear méadú ar an líon teaghlach scartha agus, dá bhrí sin, an baol nach mbeidh páirt chomh lárnach sin á glacadh ag tuismitheoir,


iarraimid :

 

  • Bliain idirnáisiúnta chun feasacht an phobail i gcoitinne agus na n oifigeach tofa ar fad i ngach náisiún a mhéadú maidir leis an gcomhthábhacht atá ar ról na beirte tuismitheoirí - bídís le chéile, scartha nó colscartha - i dtaobh a leanbh / leanaí a thógáil.

 

  • Bliain chun deiseanna a chruthú agus réitigh a fháil chun tiomantas gach tuismitheora dá leanbh / leanaí a chur chun cinn agus, thar aon rud eile, chun luach a chur air sin; bliain chun díriú ar ghníomhú agus ar thorthaí trí mhalartú dea chleachtas.

 

  • Bliain chun athmhachnamh a dhéanamh ar chothromas is mó (go háirithe le linn am tuistithe) idir an bheirt tuismitheoirí i gcás scaradh / colscaradh ar mhaithe leis an leanbh.

 

  • Bliain chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag gach tuismitheoir agus tiomantas na beirte tuismitheoirí dá leanbh / leanaí a cheiliúradh.

 

  • Bliain chun cuimhneamh go bhfuil beirt tuismitheoirí uathúla ag gach leanbh - athair agus máthair - a bhfuil na cearta céanna acu agus a bhfuil na freagrachtaí céanna orthu na dálaí maireachtála is fearr is féidir a sholáthar, cion, cúnamh, cosaint agus oideachas a thabhairt dó / di, forbairt a phearsantachta / a pearsantachta a spreagadh, luachanna a roinnt.

 

Chuige sin, gan féachaint do dhílseachtaí polaitíochta, creideamh nó creidimh shóisialta, athair, máthair, seanmháthair, seanathair, nó díreach saoránach atá tiomanta do chearta daonna, iarraimid ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an teideal seo a thabhairt ar an mbliain 2016 : Bliain Idirnáisiúnta an Chomhthuistithe

 

2015 UN CoParenting Petition Button